Cian leaning against the door of a barber shop
Scéal Cian: Tú Féin a Ghlacadh Image by: Amy O'sullivan
Cian leaning against the door of a barber shop
26 February 2024

Scéal Cian: Tú Féin a Ghlacadh

3 minutes read time

InsíonnCian Ó Gríofa, bainisteoir mheáin shóisialta agus ambasadóir Movember ó Chill Mhantáin, an tábhacht dó a bhaineann le bheith ina eiseamláir don dream óg.

Nuair a bhíos ag fás aníos faoin tuath in Éirinn, ní raibh eiseamláirí ar bith agam, agus ghoill sé sin go mór orm agus ar mo mheabhairshláinte. Ní raibh daoine cosúil liomsa ann agus dár ndóigh, bhí sé thar a bheith deacair orm mo mhothúcháin a léiriú nó fiú iad a thuiscint. Ní raibh ionadaíocht ar bith agam ar an teilifís, sna meáin, nó i measc na ndaoine i mo shaol ach oiread. Bhí sé uaigneach.

Níor bhraith mé compórdach ionam féin go dtí na blianta ina dhiaidh sin, agus na blianta ollscoille thart. Ag deireadh COVID-19, thosaigh mé ag imirt peil Ghaelach arís le Na Gaeil Aeracha (club LADTA+ i mBaile Átha Cliath) agus d’aimsigh mé mo threibh faoi dheireadh. Bhí pobal ar leith agam. Bhí cairde LADTA+ agam. Fuair mé teiripe freisin, agus bhí mé in ann mo dheacrachtaí meabhairshláinte a phlé. Bhí sé fíorchabhrach daoine cosúil liomsa lena deacrachtaí céanna a aimsiú áfach.

Ceann de na rudaí is fearr faoin gclub ná éagsúlacht na mball. Is as gach cearn sa tír muid - agus tá roinnt daoine idirnáisiúnta againn freisin. Anuas air sin, tá raon aoise millteanach againn; ó fiche bliain d'aois go caoga! Mar sin, táneart le foghlaim ó gach duine - is eiseamláirí muid ar fad, agus tá rud éigin fíorchuibhiúil faoi sin. Is cinnte go bhfuil pobal speisialta againn in NGA, ach chomh maith leis sin, tugann sé deis dom aclaíocht a dhéanamh cúpla uair le linn na seachtaine, agus tá buntáistí cruthaithe ó thaobh meabhairshláinte bainteach leis.

Nuair a chuireadh ceist orm a bheith i m’ambasadóir le Movember, rogha an-soiléir a bhí ann. Tá an féinmharú tar éis go leor daoine a fhágáil faoi bhrón, tá aithne againn go léir ar dhuine nó daoine a chur lámh ina mbás féin, agus mar sin, tá sé fíorthábhachtach dom stiogma a bhaineann leis a scriosadh. Níl sé éasca a bheith leochaileach, agus do fhadhbanna a roinnt le daoine. Ach tugann sé dóchas agus misneach do dhaoine eile a nguth a úsáid freisin. Éifeacht na ndúradán atá i gceist ansin, agus athruithe sóisialta a spreagadh.

Dá mba rud é go raibh duine ar bith ag streachailt ó thaobh meabhrach de, déarfainn go bhfuil neart buntáistí a bhaineann le pobal agus cairde a aimsiú, go háirithe i dtimpeallacht spóirt más féidir. Tuigim go bhfuil sé an-deacair an chéad chéim a thógáil, tá sé scanrúil go leor. Ach beidh oraibh muinín a chur ionam - beidh sé go breá. Tá gach duine sa chás céanna, tá gach duine ag teastáil na rudaí céanna. Beidh sé ceart go leor. Tuigim nach bhfuil sé éasca, ach is cinnte go raibh sé mo chinneadh is fearr riamh!

Anuas air sin, sílim go bhfuil sé riachtanach cairde a aimsiú a bhfuil tuiscint ann eadraibh gur féidir libh a bheith oscailte maidir le meabhairshláinte agus bhúr ndeacrachtaí. Má tá do chara ag streachailt, bí i dteagmháil leo. Nó má tá tú ag streachailt, abair leo. Nach lena aghaidh sin atá cairde?

Mar fhocal scoir, is cinnte agus mé ag fás aníos, chuir mé an iomarca béime ar thuairimí daoine eile. Bhí imní orm i gcónaí - ‘cad a cheapfaidís?’, ‘cad a déarfaidís?’. Is cuma! Ná bí buartha faoi daoine eile! Is cuma leo fút, tá brón orm. Tá gach duine ag díriú orthu féin agus mar sin, ba cheart duit ag díriú ort féin! Níl sé sin le rá nach mbeadh fuathaitheoirí agat, is dócha go mbeadh! Ach ná bí buartha futhú. Ní shásóidh tú gach duine riamh, agus tá sé sin ceart go leor freisin. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil tú sásta agus aimseoidh tú do threibh ansin. An chéad chéim ná féinghrá agus féinmhuinín a aimsiú ionat féin - leanfaidh gach rud eile ansin.